Na Tithe Gloine, Cill Ulta
Tionscadal orgánach atá sna “Tithe Gloine” mar a tugtar orthu go háitiúil, agus úsáidtear modhanna orgánacha le luibheanna, glasraí agus torthaí d’ard chaighdeán a chur ar fáil don phobal áitiúil i siopaí, bialainn, agus díolacháin plandaí. Tá an t-ionad i gCill Ulta, idir an Fhál Charrach agus Gort a'Choirce, i gcroílár Ghaeltacht Chloich Cheann Fhaola ar chósta iarthuaiscirt na hÉireann i gContae Dhún na nGall. Tá acra faoi ghloine ann, tolláin agus limistéar mór talaimh.
Tá comhlacht pobail ar a dtugtar Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teoranta (LAN Teo.) ag reachtáil an ionaid le cuidiú ón Chlár Seirbhísí Pobail (CSP) atá a riarú ag POBAL. Cuireann Údarás na Gaeltachta go mór le forbairt leanúnach an ionaid tríd Scéim Shóisialta na Tuaithe (SST) atá a riarú acu thar ceann POBAL agus An Roinn Coimirce Sóisialaí.
Fuair an tionscadal tacaíocht fosta ó...
Na Tithe Gloine | Cill Ulta, An
Fálcarrach, Co. Dhún na nGall,
Éire
Guthán (074) 918 0994 or
(086) 852 1091 |
Ríomhphost:








